Menu Content/Inhalt

Cláraigh lenár liosta ríomhphoist
Cuairteoirí ar líne faoi láthair - 6

Fáilte!

Do chéad fáilte chuig láithreán Raidió na Life! Caith súil ar an sceideal, féach ar chur síos na gclár, faigh eolas faoi bhunú an stáisiúin, ceannaigh scair nó éist lenár sruth beo (AR AER). Má tá aon mholadh nó aischothú agat is féidir dul i dteagmháil linn ag eolas@rnl106.com nó ar 01-6616333. Bain sult as!

Guth Aduaidh in Áth Cliath - Raidió Fáilte anois le cloisteáil ar Raidió na Life 106.4fm!

Tráthnóna inniu, Dé Luain 28ú Iúil, ag a 1:30 i.n. cuirfear tús le clár nua ar Raidió na Life 106.4fm. Is éard atá i "Guth Aduaidh: Scoth na Seachtaine" ná bailiúchán d'agallaimh agus de phríomhnuacht na seachtaine ó shaol na Gaeilge agus ó mhuintir na Gaeilge i mBéal Feirste agus sa Tuaisceart, bailithe le chéile ag Raidió Fáilte agus curtha i láthair ag an iriseoir aitheanta Eoghan Ó Néill.


Tuilleadh Eolais


Béalealaín

Déanfar ceiliúradh sa tsraith nua seo ar na healaíona béil. 3 chlár a chraolfar ag 6 i.n ón gCéadaoin seo, 23ú Iúil, ar aghaidh ar Raidió na Life, 106.4FM. Agallaimh bheirte, amhráin saothair, úibíní agus ealaíona eile, cíorfar iad go léir sa tsraith chuimsitheach seo agus scrúdófar a luach mar chuid den traidisiún beo. Béalealaín, arna chur i láthair agus arna
léiriú ag Tristan Rosenstock, ar Raidió na Life,
106.4FM. Léargas nua ar thraidisiúin ársa!

Craoltóirí Nua ag teastáil!

Agus Raidió na Life anois ar aer 20 uair in aghaidh an lae, táimid ag lorg craoltóirí nua le teacht ar bord linn chun cláracha nua a dhéanamh ar RNL! Más spéis leat taithí a fháil i gcúrsaí taighde, i gcúrsaí láithreoireachta, i gcúrsaí léiritheoireachta srl., nó má tá smaoineamh agat do chlár nua ar Raidió na Life, téigí i dteagmháil linn láithreach! Bheadh taithí chraoltóireachta nó iriseoireachta ina bhuntáiste ach níl sé riachtanach. Seol ríomhphost chuig eolas@rnl106.com nó cuir scairt ar 01-6616333.